Tá seirbhísí á soláthar againn faoi láthair do chliaint in Éirinn, san Eoraip agus san Áise de réir sprioc-amanna dochta agus ar na caighdeáin is airde. San áireamh le foireann aistritheoirí lánaimseartha Ashtree tá aistritheoirí agus ceartaitheoirí a bhfuil creidiúnú Fhoras na Gaeilge acu agus atá cáilithe ar leibhéal Chéim Mháistir i Léann an Aistriúcháin. Cloítear le próiseas docht i gcórais aistriúcháin Ashtree atá dírithe ar an gcliant, lena gcomhlíontar na caighdeáin cháilíochta is airde, d’fhonn a chinntiú go soláthraítear aistriúcháin ardchaighdeáin as Gaeilge agus as Béarla.